TG4 air impressive version of Christmas favourite as Gaeilge

TG4 got Rós na Rún actor Fred McCluskey to duet with Ger Maher on an Irish language version of 'Fairytale of New York' recently.

TG4 air impressive version of Christmas favourite as Gaeilge

TG4 got Rós na Rún actor Fred McCluskey to duet with Ger Maher on an Irish language version of 'Fairytale of New York' recently.

Ailbhe Hession accompanied them on piano and it all sounds very impressive.

In case you want to sing along, here's the lyrics in Irish:

B’í Oíche Nollaig í

‘S mé caochta óltach,

Dúirt seanfhear ‘n aice liom,

Sí mo Nollaig dheireanach í.

‘Sin thosaigh sé gabháil linn,

An ‘Rare Old Mountain Dew’

Chrom mé mo cheann go ciúin

‘S mé cuimhniú ortsa.

Nach orm a bhí an t-ádh

Tháinig sí isteach go breá

Airím istigh i mo chroí

Gur linn an bhliain seo romhainn

Ó Nollaig Shona dhuit,

Is tú mo Stóirín

Feabhsóidh rudaí fós

Amach romhainn atá sé

‘S gear le bear iad na cairr

‘S na habhainn lán le h-ór

Ach tá gáimh ghéar sa ngaoth

Ní haon áit í gan glór

Nuair a thóg tú mo lámh

ar ár gcead Nollaig riamh

Gheall tú dhom Broadway

a bheith romham ins an tSl

Bhí tú dathúil

Tá tú meabhrach

Banríon Nua Eabhrach

Ní raibh críoch leis an scléip

Bhí an chraic’s spraoi thar barr

‘Sinatra’ ag swingeáil

Na cloig ‘s iad ag ‘ringeáil,

Muid ag pógadh ‘s ag damhnsa

Gan imní faoin saol

Cóir an NYPD ‘s iad ag casagh ‘Galway Bay’,

‘S na cloig ag bualadh leo

Lá breith Mac Dé.

Fear déirce gan rath

A shean stróinse gan mhaith

I do chrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid

A Sclíteach, a Chonúis,

‘Chacsmuitín an donais

Nollaig Shona mo thóin

Faraoir gan é thart.

Cóir an NYPD ‘s iad ag casadh ‘Galway Bay’,

‘S na cloig ag bualadh leo

Lá breith Mac Dé.

Bhí saol breá romhamsa

Nach breá an scéal agat é

Sciob tú mo bhrionglóid uaim

An chéad uair a chas mé ort

Tá siad agam i gconaí, a stór

I dtaisce i mo chroí

Na fág me ‘nois a mhnaoi

‘S tú bun’s barr mo shaoilsa

‘S cóir an NYPD ‘s iad ag casadh ‘Galway Bay’

‘S na cloig ag bualadh leo

Lá breith Mac Dé

x

More in this section

Cookie Policy Privacy Policy Brand Safety FAQ Help Contact Us Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited