Paul Rouse: Legends around Irish sporting identity clouded in myth

Paul Rouse has co-written a new book with Cathal Billings, written in Irish, exploring the connection between sport and revolution in Ireland.
Paul Rouse and Cathal Billings, authors of An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn, published by the Royal Irish Academy

Paul Rouse and Cathal Billings, authors of An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn, published by the Royal Irish Academy

To write a book about the relationship between sport and politics during the Irish Revolution is to walk among the myths of Irish history.

Those myths hang in the air like a heavy mist, saturating everything.

They were forged in the divides between Empire and Nation, in the rebellions, in the emergence of diverging social and cultural structures, and in the alternative histories that were invented by people seeking to advance political causes.

It can be found, for example, in the legends contructed in the years after the establishment of the Irish Free State by the GAA which demolished any sense of complexity or contradiction.

Take the GAA’s attitude to the men who fought in the Great War in the British Army, for example. The anonymous author of Sixty Glorious Years: The Authentic Story of the G.A.A. (1946), claimed that: “Efforts were, indeed, made to recruit G.A.A. men for the British Army, an especial appeal being made to the hurlers and footballers of Munster, but there was no response.” 

Sport Top Pics

This was untrue. For instance, John Fox from Newmarket-on-Fergus won county medals in Clare and then played wing-back for the Clare senior hurling team that won the 1914 Munster Senior Hurling Championship.

In 1915, Fox enlisted in the British Army and fought the following year in the Battle of the Somme. The shrapnel in a head wound he sustained remained lodged in his skull until his death in the late 1960s.

Although he stood out as an All-Ireland winning hurler, Fox was merely one of thousands of GAA men who enlisted. Indeed, there were so many GAA men joining the British Army that the nationalist MP, P. J Meehan, told the House of Commons in 1915 that the “majority of Reserve Men and recruits who have joined in Ireland have been members of the Association.” 

That this was the characteristic overstatement of a politician seeking to make a political point should not disguise the essence of truth that it contains about the widespread enlistment of GAA men in the British army.

In general, there are infinite complexities in the relationship between sport and politics, and sport and national identity.

It is in these complexities that we can understand stories such as that of James Rossiter. In the late autumn of 1915 Wexford defeated Kerry to win the All-Ireland senior football final. In winning this match they avenged a defeat to Kerry in the previous year’s final – a defeat which had been sustained despite the efforts of one of their best players, James Rossiter.

Rossiter was dead by the time of the 1915 final: he had enlisted in the British Army and had died of his wounds in France ten days before the final was played.

That same autumn of 1915, Leix won the All-Ireland hurling championship. In the weeks after the game, two of their players enlisted and subsequently fought in France.

The recruitment of GAA men to the British is only one strand of the history that is told in An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn. It sits alongside those which explore cricket and tennis, camogie and rugby, golf and soccer, cockfighting and swimming.

There is politics and revolution, war and partition, but also a lot of people finding ways to enjoy themselves through playing and watching sport.

Ultimately, though, this book is about the meaning of Irishness, about the complex history of the island and about the capacity of sport to build bridges (or to blow them to pieces).

A final word: the book is written in Irish with my friend Cathal Billings, a lecturer in Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in University College Dublin.

It is ordinarily hard to agree on even the phrasing of a text message written with another person.

And yet, on this occasion, there was not a single disagreement.

Our research interests fitted almost perfectly together. We both drafted long sections, passed them to the other for refinement, and continued to do that for several years, back and forth, page after page, hour after hour.

Then, in the end, Cathal unified the style into a single voice – there is something very irritating about reading a book where the voices of separate authors are readily apparent. Cathal’s Irish is significantly better than mine and he took on the task of ensuring we spoke with one voice.

In this, his patience was infinite, his attention to detail formidable, and his scholarship outstanding.

We were also extremely fortunate to have the Royal Irish Academy as publishers: at every part of the process, they were exceptional in their commitment to making the book a success.

In short, writing An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn was a hugely enriching and enjoyable experience.

Paul Rouse is professor of history at University College Dublin

An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn, by Cathal Billings and Paul Rouse, published by the Royal Irish Academy
An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn, by Cathal Billings and Paul Rouse, published by the Royal Irish Academy

Sliocht é seo as An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn le Cathal Billings agus Paul Rouse

Cumann spóirt neamhsheicteach neamhpholaitiúil is ea a bhí in CLG nuair a bunaíodh é in 1884, ach ba mhó ná sin a bhí i gceist leis i súile na bpóilíní. Is é a mheas siadsan a bheith ann ná ‘a good recruiting field’ don IRB, agus bhí súil ghéar á coinneáil acu ar mhórán clubanna agus oifigigh CLG ó thús dá bharr.

Níor thógtha ar na póilíní amhras a bheith orthu má chuimhnítear air go raibh cosc orthu féin a bheith ina mbaill de CLG ó 1887 i leith. Lena chois sin, chonaic siad go raibh fir aitheanta IRB páirteach ann agus gur ceapadh polaiteoirí náisiúnaíocha – Charles Stewart Parnell agus Michael Davitt – ina bpátrúin air. D’fhág sé sin, agus an reitric fhrithshasanach ab áil le leithéidí Mhichíl Chíosóg, le tuiscint gur mhó ná cur chun cinn an spóirt a bhí ar intinn ag na Gaeil.

Ach níor cheart dóibh talamh shlán a dhéanamh de gurbh ionann idéil pholaitiúla an lucht ceannais agus idéil na ngnáthbhall. Ghlac formhór acu sin páirt sna cluichí Gaelacha díreach ar mhaithe le spraoi agus siamsa, craic agus comhluadar.

B’fhíor sin freisin faoi chluichí eile in Éirinn ag an am. Nuair a scríobh rúnaí chlub cruicéid Choláiste na Tríonóide gur ‘rendezvous for Irish society’ a bhí ina gcluichí siadsan, is deimhin gur shamhlaigh sé an cruicéad lena aicme féin – daoine rachmasacha a bhí sásta go n-aithneofaí leis an Impireacht iad. Ba mhinic siombailí impiriúla ar taispeáint ag cluichí cruicéid freisin, cuir i gcás i mí na Bealtaine 1887 agus Ard-Leifteanant na hÉireann, Charles Vane-Tempest-Stewart, i láthair ag cluiche idir foireann na hÉireann agus scothfhoireann d’imreoirí Sasanacha. Sular cuireadh tús leis an imirt, d’éirigh a raibh i láthair ina seasamh mar chomhartha ómóis don aoi speisialta sin agus chan ‘God Save the Queen’ faoi scáth bhratach na Breataine.

Ach níor bhain an cruicéad leis an aicme sin amháin. Ba é an caitheamh aimsire ba mhó éileamh in Éirinn é sa dara leath den naoú haois agus é á imirt ag násiúnaithe cruthanta – Fíníní san áireamh – gan dochar dá ndintiúirí polaitiúla. Go deimhin, nocht náisiúnaithe a gclaontaí polaitiúla i gcomhthéacs an chruicéid féin agus ainmneacha amhail Home Rule, Young Irelanders, Smith O’Briens, agus Emmets á dtabhairt acu ar a gclubanna.

Tharla a leithéid i gcomhthéacs an rugbaí agus an tsacair chomh maith. Nuair a chuaigh Sasana chun cogaidh leis na Bóraigh in 1899, ghlac cumann sacair i mBaile an Róba an t-ainm nua ‘Major McBrides’ orthu féin in ómós don té a bhí i gceannas na Briogáide Éireannaí san Afraic Theas, John McBride. Chuir cumann rugbaí Bhóthar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, na hainmneacha ‘Kruger’ agus ‘Joubert’ leis na liostaí imreoirí a chuir siad faoi bhráid an phreasa áitiúil in 1900 freisin.

Níl iontu sin ach roinnt bheag samplaí a léiríonn go raibh náisiúnaithe le fáil go fras i measc imreoirí na gcluichí sin ar thug bolscairí CLG ‘cluichí gallda’ orthu. Is fíor go raibh Aontachtaithe agus protastúnaigh chun cinn ar na leibhéil riaracháin ab airde den IRFU agus an IFA, ach níorbh ionann iad sin agus an gnáthphobal imeartha.

Ba é an sacar an cluiche ab fhearr leis an lucht oibre i mórán bailte agus cathracha ar fud na hÉireann. Nuair a bhí páirceanna imeartha i bPáirc an Fhionnuisce á ndáileadh ar na cluichí éagsúla in 1906, cuireadh 29 gcinn i leataobh don sacar gan ach dhá cheann a bheith ar fáil do chluichí Gaelacha. Ba é a fhearacht sin é i nDún na nGall, mar a raibh 32 chlub sacair in 1905 gan ach trí cinn CLG ar an bhfód.

Gnáthchluiche pobail a bhí sa rugbaí in áiteanna eile, i gCorcaigh agus i Luimneach go háirithe, agus ba bheag an tsuim a chuir na himreoirí sin sa bhaol Sacsanaithe a shamhlaigh ‘fíor-Ghaeil’ leis an liathróid ubhchruthach.

Ghéaraigh CLG agus a gcomrádaithe ar a gcuid ionsaithe ar imreoirí sacair agus rugbaí in imeacht bhlianta na réabhlóide. ‘Orange Catholics’ agus ‘West Britons’ ab ea iad, dar leo, ach níor leor maslaí mar sin chun an grá mór a bhí ag imreoirí dá gcluichí féin a mhúchadh. Is amhlaidh a lean náisiúnaithe – agus réabhlóidithe lena gcois – de dhúshuim a chur sa sacar agus sa rugbaí, chomh maith le cluichí eile, i rith na tréimhse réabhlóidí ar fad.

Fuair Éamon de Valera agus Kevin Barry taithí ar an rugbaí agus iad ag freastal ar scoileanna gradamúla Caitliceacha ina mbíodh ‘hurley and burley’, is é sin, an iomáint agus an rugbaí, á n-imirt taobh lena cheile. Ba é an sacar an cluiche ba rogha le Todd Andrews agus Oscar Traynor, ar Bhleá Cliathaigh iad beirt agus ar bheag an meas a bhí acu ar an bpeil Ghaelach – ‘Country goms’ is ea a d’imir cluichí Gaelacha, dar le Andrews. Agus ba é an galf an cluiche ab fhearr le John Burke, a bhí ina chadaí agus ina shárimreoir amaitéarach chomh maith le bheith ina bhall den IRA i gcontae an Chláir. Tá raidhse fianaise le fáil i mBiúró na Staire Míleata a léiríonn gurbh ann do mhórán fear agus ban a throid ar son shaoirse na hÉireann agus a lean de ‘cluichí gallda’ a imirt san am céanna.

Is iad na buaiteoirí a scríobhann an stair, áfach, agus níl aon amhras ach gurbh é CLG, as na cumainn spóirt ar fad sa tír, a bhain an tairbhe ba mhó as an troid ar son an neamhspleáchais. Ag scríobh dó sa phreas náisiúnta i mí Eanáir 1923, mhaígh an tAire Poist agus Teileagrafa, J.J. Walsh, nárbh áibhéil ar bith é a rá gurbh fhir CLG a bhí mar chnámh droma ag an troid i gcoinne Shasana, ‘whilst the followers of the English games of Rugby and Soccer could be counted on the fingers of one hand.’ Ní raibh sé sin fíor ach ar feadh tréimhse rófhada bhí glacadh forleathan leis agus stádas réabhlóideach CLG á bhuanú i saothair staire sheiftiúla.

Níor ghlac leithéidí Oscar Traynor leis gur lú d’Éireannach é toisc gur imir sé sacar, agus bhíodh sé sásta dúshlán a thabhairt don té a mhaíodh a mhalairt. D’aithin sé siúd an fhírinne lom nach raibh d’éagsúlacht idir na cluichí uile, dáiríre, ach cruth liathróide, fad páirce, líon imreoirí agus córas scórála.

Ba é oidhreacht na réabhlóide, áfach, gur éirigh éagsúlachtaí cleachtais ar pháirceanna imeartha na tíre ina siombailí cumhachtacha aitheanta d’aicmí polaitiúla ar leith. Maireann an oidhreacht sin fós.


More in this section

Sport

Newsletter

Sign up to our daily sports bulletin, delivered straight to your inbox at 5pm. Subscribers also receive an exclusive email from our sports desk editors every Friday evening looking forward to the weekend's sporting action.

Cookie Policy Privacy Policy Brand Safety FAQ Help Contact Us Terms and Conditions

© Examiner Echo Group Limited